LE RÉAMHORDÚ AR LASCAINE SPEISIALTA GO DTÍ 24 EANÁIR
604 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-909907-71-3
In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóirí an namhad ar a thóir.
"Tar éis a ndeachaigh Lúcás tríd d’achrann, de throid, de mharú, d’fhuil, is d’imní ó cuireadh an litir isteach ina láimh an chéad uair, shílfeá gur duine difriúil é faoin am seo seachas mar a bhí nuair a bhí sé ina dhalta óg tallannach neamhthuairimeach sa Choláiste i nGaillimh. Agus ba ea. Bhí sé beagán níos stuama, nó ag iarraidh a bheith. Bhí sé ag iarraidh a bheith níos faichillí. Bhí sé ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar an Ard-Easpag ar bhonn cothrom. Ach ba é an Lúcás céanna i gcónaí é, ag breith ar chúrsaí mar a casadh ina threo iad, ag déanamh an chuid is fearr de gach uile uain."
Seo é an tríú leabhar, agus an leabhar deireanach, i sraith úrscéalta suite in Éirinn agus ar Mhór-Roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha sin tar éis Imeacht na hIarlaí.
Is é a dúirt na léirmheastóirí faoin gcéad dá leabhar sa tsraith:
Tá an-mhothú ann don tréimhse in atmaisféar na Gaillimhe. Braitheann tú go raibh tú ann i 1612. Airíonn tú go bhfuil tú i lámha scríbhneora an-snasta. — Éilís Ní Dhuibhne, Comhluadar na Leabhar, RTÉ RnaG
Seo é an saothar is dírí agus is eachtrúla atá scríofa Liam Mac Cóil go nuige seo. Ropann an scéal ar aghaidh ó eachtra go heachtra agus ropann an léitheoir ar aghaidh ó leathanach go leathanach. — Micheál Mac Craith, Comhar.
“Coinníonn Mac Cóil gearradh faoin bprós ó thús deireadh agus fágtar an léitheoir ag fiafraí cén deireadh a bheidh le Lúcás? Is mairg don té a déarfadh nach mbíonn spraoi ar an stair.” — Dónall Ó Braonáin, TUAIRISC.IE
"Cadhain aonair ar inbhear na húrscéalaíochta Gaeilge é Mac Cóil, atá ar na scríbhneoirí comhaimseartha is bisiúla agus is cairéisí ó aimsir an Chadhnaigh i leith. Measaim go seasfaidh an tsraith seo ar feadh na nglún i dtraidisiún na húrscéalaíochta Gaeilge." — Lee Vahey, COMHAR